Gaelscoil Durlas Éile, Gaelscoil Bhríde, Thurles, Co. Tipperary

Curaclam na Scoile / School Curriculum

Is trí Ghaeilge a dhéanaimid gach ábhar a mhúineadh ach amháin, Béarla. Cuirtear curaclam na bunscoile os comhair na ndaltaí i slí taitneamhach, mealltach, dúshlánach, ag iarraidh suim na bpáistí a mhúscailt i gconaí. Úsáidimid timpealleacht na scoile nuair is féidir chun deis foghlama a thabhairt do na daltaí. Téimid ar thurasanna oidhreachta ar fud an cheantair, ag iniúchadh tírdhreach, dúlra agus staire na háite.