Ceol Music
Tá áit lárnach ag an gceol leis, sa scoil le dhá ghrúpa ceoil againn, grúpa sóisearach agus sinsearach a sheinneann ag ócáidí éagsúla scoile. Tá réimse uirlisí againn sa ghrúpa agus bíonn fáilte i gcónaí roimh daoine nua páirt a ghlacadh. Tagann múinteoir ceoil chun na scoile gach seachtain chun an fheadóg stáin a mhúineadh do rang 3, 4, 5 agus 6.
Tá cór scoile againn le réimse amhrán Béarla is Gaeilge acu. Canann said ag na sacraimintí agus ócáidí eile scoile is paróiste. Glacaimid páirt i “Peace Proms”, uair a bhíonn deis ag na daltaí sinsearacha canadh mar chuid de chór náisiúnta in amharchlanna móra na tíre. Bíonn ceolchoirm spraoíúil againn le linn Seachtain na Gaeilge leis an gceoltóir cáiliúil, John Spillane.
Tá dlúthcheangailt againn le Music Generation Tipperary. Bíonn an hub ar siúl inar scoil tráthnóna Márta. Tagann Avril chugainn gach seachtain chun ceoil is amhránaíocht a dhéanamh mar chuid de 'Primary Beats' agus 'Tune Up Tipp'.
Cuireann Múinteoir Norma ranganna giotáir agus amhránaíochta ar siúl tar éis scoile, dóibh siúd gur spéis leo ann.
