Tráth na gCeist Quiz
Bainimid an taitneamh as seisiún tráth na gceist agus déanaimid roinnt mhaith cleachtadh orthu. Glacaimid leis an deis cinn a eagrú ar scoil agus is aoibhinn le gach éinne Tráth na gCeist de chuid Seachtain na Gaeilge. Glacaimid páirt i gcomórtais leis, de chuid an Chomhair Chreidmheasa, Conradh na Gaeilge, Glór na nGael agus Cluichí an Phobail. Is breá leis na daltaí iad agus baintear idir thaitneamh is tairbhe astu.
Buaileann ár gclub quiz faoi dhó sa seachtain, ar an Máirt agus ar an Aoine. Bímid an-ghnóthach ag foghlaim!
Bhuamar an babhta áitiúil den Tráth na gCeist Comharchumainn Chreidmheasa anuraidh agus arú anuraidh mar aon leis an mbabhta réigiúnda.
Ghlacamar páirt i gcraobh na hÉireann san RDS, ag críochnú san tríú háit!
